Oíche ag Kneecap

Gig le Kneecap i Luimneach (Pharmacia) i Mí Feabhra 20019.

Whoah. Bhí gig den scoth ag Kneecap i Luimneach. Shiúlas abhaile go tais ón allais de bheith ag rince agus léimt leis an gceoil.

Mí roimh Brexit, bhí siad ag spreagadh an slua le “Brits out”, “Foc RTÉ”, “What border?” agus “We want our country back”. Ní fhaca mé riamh cheanna slua de dhaoine ag béicíl i bhfreag de nath mar a bheadh “We want our country back”.

Bhíos ag súil le níos mó Gaeilge labhartha ag daoine ag an ngig, bhí an slua ag labhairt as Béarla. Daoine óga go leoir a raibh ann, daoine a bhainfeadh taineamh as hip hop go ginearálta.

Féir plé do na leaids Kneecap. Bhí siad ag labhairt thart ar leath den am as Gaeilge, leath as Béarla idir na hamhráin.

Bhí an slua ag canadh ar aghaidh leis na hamhráin mar a bheadh: “Tá na baggies are an talamh”, “Is cuma liom sa foc faoi aon garda”, agus “Cuir do mhéair i do mhála, mothaigh buzz ar do bheola, caith siar cúpla buama”. Bhí daoine ag rá “Ceann amháin eile!” nuair a chríochnaigh an gig, meascaithe le grúpaí eile ag rá “One more tune!”. I mo am ag an gcoláiste 15 bliana ó shin, ní raibh seans go mbeadh gig mar sin leis an slua ag canadh as Gaeilge.

Maith sibh, a Kneecap, tá sibh ag cruthú ábhar suimiúil le smaoineamh air!