Lá i gCorcaigh

“It’s like a Mexican standoff”, a deireann fear atá ag seasamh ar thaobh an mbóthair. Tá buggy aige, leanbh ann, a bhean leis. “It is!” a deirim, ag admháil gur chuala mé, agus go raibh an cheart aige. Measaim go bhfuil sé ag iarraidh an bóthar a thrasnú. Támaid ar Shráid Pádraig, táimse ar mo bhealach ar ais chuig an stáisiún, bóthar crochta. Tá an standoff idir na daoine atá ag suí ina ngluaisteáin. Níl spás don duine atá ag iarraidh cúlú. Níl spás don duine eile atá ag iarraidh casadh síos an chnoic i ngluaisteáb. Agus níl spás don duine atá ag iarraidh an bóthar a thrasnú ina ghluaisteán. Níl spás don mbuggy. Gridlock.

Shuas an bóthar, tá fear ag rith sall go gluaisteán. Tá na soilse ar siúl ar an ngluaisteán. Tá cúigear eile ag brú tosaigh an ghluaisteán cheanna féin. Bean istigh ann, Tá an bóthar crochta. An fhadhb ná go bhfuil tosaigh a gluaisteán greamaithe thuas ar an gcúis. “OK let’s go!” a deireann duine, agus éiríonn leo bumper an ngluaisteáin a bhrú síos as an an gcúis, agus éiríonn léi culú suas le fána. Tá daoin sásta lena n-éacht.

(Cé mhead daoine a thógann sé le push bicycle a bhrú?)

D’aimsigh mé bealach nua le siúl chuig Blackpool ar maidin. Ag an stáisiún, bhíos le siúl síos na phríomh sráide. Ach chonaic mé go raibh staighre mór crochta ag dul suas an cnoic. Thuas an chnoc sin bhí Wellington Street, a raibh fhios agam go bhfuil níos fearr ná an Lower Glanmire. Bhí beirt turasóirí ag siúl as bun na céimeanna. D’iarr mé orthu, “Does this go up to the street above?”. Níl sé soiléar an mbeadh orm siúl suas go geata dúnta. “Yes!’ a deir an fear, delighted go raibh sé in ann cabhrú. Maith an rud é gur aimsigh mé seo ar maidin, mar bhí na heachtraí eile ar an mbelach chéanna abhaile. Ag an mbarr den lána tá barrier thuas, ag dúnadh leath den mbóithrín – “Road Closed” a deir sé.