Sa deireadh, d’éirigh liom foirm PDF don Mhuirear Teaghlaigh (household charge) a fháil.
Bhí comhrá suimiúl agam leo len é a aimsiú. Thosaigh mé le householdcharge.ie.
(Íoslódáil an fhoirm 2012 PDF as Gaeilge leis an Muirear Teaghlaigh a íoc tríd an phost.)
“Glaoigh orainn i gcóir an PDF”
Sna CCManna (FAQs, tá cuma air) aimseoidh tú an t-eolas seo a leanas:
Tá foirmeacha clárúcháin le fáil […] ó […] ÍosGhlao 1890 357 357.
Chuireas glaodh ar an uimhir.
Mo chomhrá
D’fhreagair bean (tá na focail seo thíos ó mo chuimhne amháin):
Ise: Hello, Stephanie speaking, how can I help?
Mise: Ba mhaith liom an fhoirm PDF a íoslódáil le gur féidir liom íoc as an muirear teaghlaigh tríd on phost.
Ise: Oh. Right. I don’t speak Irish. I wonder if I help you?
Mise: Hmm, ba mhaith liom an fhoirm a fháil uaimh agus ní féidir liom é a aimsiú.
Ise: Oh…kaay… Our Irish speaker is away right now. Could I take your name and number to get him to call you back?
Mise: Eoin Ó Conchúir is ainm dom.
Ise: Okaaay. What’s your number?
Mise: Tá brón orm, tá fonn orm mo ghnó a dhéanamh as Gaeilge 🙂
Ise: Ok, this isn’t going to work. Hold on a minute, I think our Irish speker is coming back now.
Sa deireadh, d’éirigh liom labhairt leis an Irish Speaker Mícheál. Chabhraigh sé liom.
Is maith an rud é go dúirt an suíomh liom glaodh a chuir orthu. Bhí Mícheál in ann mé a sheoladh chuig an suíomh leis an PDF a íoslódáil…